Léim go dtí an príomhábhar

Conas Achomharc Pleanála a Dhéanamh

I gcoitinne, ní mór do dhuine ar bith ar mian léi nó leis forbairt a dhéanamh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chuig a gcomhairle contae, a gcomhairle cathrach nó a gcomhairle cathrach agus contae (an t-údarás pleanála). Déanfaidh an t-údarás pleanála cinneadh ar an iarratas cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú. Is féidir an cinneadh seo a achomharc chuig An mBord Pleanála.

Cé atá i dteideal achomharc a dhéanamh?

Is féidir leat achomharc a dhéanamh má bhaineann tú le haon cheann den dá ghrúpa thíos:
 

1.

Rinne tú iarratas chuig an údarás pleanála ar chead d’fhorbairt bheartaithe.
Tá iarratas chéad pháirtí á dhéanamh agat. Is féidir le céad pháirtí achomharc a dhéanamh:
  • maidir le cinneadh an údaráis pleanála chun cead a dhiúltú;
  • maidir le haon choinníoll a chuir an t-údarás pleanála ag gabháil le deonú ceada;
  • an tslí a gcuireann údarás pleanála téarmaí na Scéime Ranníocaíochta Forbartha nó na Scéime Forlíontaí Ranníocaíochta Forbartha i bhfeidhm ar choinníollacha sa deonú ceada. Is féidir achomharc a dhéanamh maidir leis an tslí ar chuir údarás pleanála coinníoll ranníocaíochta speisialta i bhfeidhm. Achomhairc Alt 48 nó 49 iad seo.
 

2.

Rinne tú iarratas chuig an údarás pleanála maidir le forbairt bheartaithe.
Tá iarratas tríú páirtí á dhéanamh agat. Is féidir le tríú páirtí achomharc a dhéanamh:
  • maidir le cinneadh an údaráis pleanála;
  • maidir le haon choinníoll a chuir an t-údarás pleanála ag gabháil le deonú ceada.

Má mheasann tú nach mbaineann tú le haon cheann den dá ghrúpa seo, tá líon beag cásanna eile inar féidir leat achomharc a dhéanamh. Gheobhaidh tú mionsonraí na gcásanna seo agus eolas ar cé hiad na daoine ar féidir leo achomharc a dhéanamh sa leathanach fíricí "Cén sórt achomhairc is féidir a dhéanamh?" nó trí theagmháil a dhéanamh linn. Is féidir go mbeidh tú in ann bheith páirteach trí bhreathnóireacht a dhéanamh ar achomharc bailí.
 

Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?

Más tusa an t-iarratasóir agus má tá achomharc chéad pháirtí achomharc tríú páirtí.

Is féidir leat íoc ar shlite éagsúla féach liosta iomlán na dtáillí achomhairc phleanála

 

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Conas Achomharc Pleanála a Dhéanamh (PDF, 305KB)