An Bord Pleanála

Cosaint na hOidhreachta Ailtireachta – Achoimre maidir leis na Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

INNÉACS

• Buneolas agus Creat an Dlí

• Caibidil 2 – An Plean Forbartha (Taifead na nDéanmhas Cosanta)

• Caibidil 3 – An Plean Forbartha (Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta)

• Caibidil 4 – Dearbhúchán

• Caibidil 5 – Ionaid Adhartha Phoiblí

• Caibidil 6 – Rialúchán Forbartha

• Caibidil 7 – Prionsabail an Chaomhnúcháin

• Caibidil 8 – Ballaí agus Gnéithe Foirgníochta eile

• Caibidil 9 – Díonta

• Caibidil 10 – Doirse agus Fuinneoga

• Caibidil 11 – An Taobh Istigh

• Caibidil 12 – Aghaidheanna Siopaí

• Caibidil 13 – An Cúirtealáiste agus Tailte a ghabhann i dteannta leis

• Caibidil 14 – Déanmhais Chosanta Neamháitrithe

• Caibidil 15 – Oibreacha Cumasúcháin agus Oibreacha Sealadacha

• Caibidil 16 – Damáiste ó Thubaiste a chur ina cheart

• Caibidil 17 – Athruithe d’fhonn Feabhsúchán ó thaobh Sábháilteacht Dóiteáin

• Caibidil 18 – Feabhsúchán maidir le hÁisiúlachta

• Caibidil 19 – Cothabháil

Buneolas agus Creat an Dlí.

Eascraíonn an creat dlí ar a mbunaítear cosaint na hOidhreachta Ailtireachta ón gCoinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint de chuid UNESCO a cuireadh le chéile sa bhliain 1972 agus a daingníodh i ndlí na hÉireann sa bhliain 1991 agus ó Choinbhinsiún Granada a daingníodh i ndlí na hÉireann sa bhliain 1997. Is é Coinbhinsiún Granada go háirithe a bhí mar bhonn leis an dúthracht náisiúnta maidir leis an oidhreacht ailtireachta a chosaint. Tá féachta ag an Rialtas, ó rinneadh an daingniú, leis an oidhreacht ailtireachta a chaomhnú trí shraith forálacha reachtaíochta den chuimsitheacht. Tá na forálacha reachtaíochta a tugadh isteach faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1999, lenar féachadh le prionsabail chaomhnúcháin an chúraim agus na cosanta a thabhairt isteach agus lenar soirbhíodh d’fhoirgnimh shuntasacha a liostú, curtha de leataobh den chuid is mó ag Cuid IV den Acht Pleanála agus Forbartha 2000. Tá na gnéithe seo a leanas ag baint le Cuid IV.

• Leagtar de dhualgas ar na húdaráis pleanála taifead ar dhéanmhais chosanta a chruthú. Bíonn an taifead sin ina chuid de phlean forbartha an údaráis.

• Ní mór d’údaráis pleanála tréithríocht áiteanna agus dreach bhailte a chaomhnú trína dheimhniú gur Limistéir Caomhnúcháin Ailtireachta iad.

• Ba chóir cuspóirí maidir le déanmhais a chosaint agus tréithríocht cheantair a chaomhnú a bheith mar chuid de phlean forbartha an údaráis.

• Is féidir le húinéir nó sealbhóir déanmhais chosanta faoin reachtaíocht, deimhniú a iarraidh ón údarás pleanála lena mbaineann d’fhonn a shonrú cad iad na hoibreacha a imreodh athrú ar thréithríocht déanmhais agus a mbeadh gá dá réir le cead pleanála lena n-aghaidh.

• Nuair a bhíonn déanmhas cosanta, bíonn an déanmhas, an taobh istigh den déanmhas agus an talamh taobh istigh de chúirtealáiste an déanmhais i gceist chomh maith leis an bhfeisteas uile agus gach gné den déanmhas taobh istigh agus taobh amuigh.

• Ní mór fógra a thabhairt do na comhlachtaí forordaithe, ar a n-áirítear an tAire Comhshaoil, an Chomhairle Oidhreachta, an Chomhairle Ealaíon, Bord Fáilte agus An Taisce, mar gheall ar aon iarratas ar chead pleanála lena mbainfeadh obair a dhéanamh ar dhéanmhas cosanta nó ar an taobh amuigh de dhéanmhas laistigh de LCA.

Faoi Chuid IV den Acht Pleanála agus Forbartha 2000, ní foláir do na húdaráis phleanála na critéir seo a leanas a thabhairt san áireamh nuair a bhíonn iarratais ar chead pleanála á meas lena mbaineann déanmhas cosanta nó déanmhais taobh istigh de cheantar LCA.

1. Ní  mór meas a léiriú maidir le tréithe fisiciúla, stairiúla agus aesteitice an déanmhais trína chinntiú go ndéantar iad a shonrú, a chosaint, a chaomhnú, a chur i láthair agus a chur ar aghaidh do na glúnta seo romhainn.

2. Ba chóir béim a leagan ar éirim bhunúsach an déanmhais a shonrú agus a chaomhnú. Is minic gur seasmhaí agus gur so-athraithe seanfhoirgnimh ó thaobh an ábhair de.

3. Ní mór aon obair a bheith ag teacht leis an oidhreacht ailtireachta ionas go mbíonn buntáiste uaithi ó thaobh aesteitice, comhshaoil agus eacnamaíochta de sa chás nach bhfuil buanú an déanmhais bhunaidh i ndán feasta.

Cuirtear caomhnú na hOidhreachta Ailtireachta chun cinn trí bhunú Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (FNOA), scéim deontas maidir le déanmhais chosanta, oifigigh caomhnúcháin a fhostú sna húdaráis áitiúla agus comhairle treorach reachtúil. Éilítear faoi Alt 52 (1) an Achta Pleanála agus Forbartha 2000 go n-eiseodh an tAire treoirlínte leis na húdaráis pleanála maidir le cuspóirí forbartha (i.e. déanmhais a chosaint, LCA a chaomhnú), agus dlitear ar na húdaráis pleanála (An Bord Pleanála san áireamh) faoi Alt 28 an Achta aird a bheith acu ar na treoirlínte i mbun a gcuid feidhme dóibh. Is é ábhar na dtreoirlínte reachtúla sin is bunsiocair le hábhar na cáipéise seo.

Caibidil 2 – An Plean Forbartha (Taifead na nDéanmhas Cosanta).

Mínítear i gCaibidil a Dó an chomhairle treorach maidir le Taifead na nDéanmhas Cosanta (TDC) a ullmhú (Ailt 51, 52, 53, 54 agus 57 den Acht Pleanála agus Forbartha, 2000)

Nóta: Is féidir a thabhairt de shainmhíniú ar dhéanmhas atá faoi chosaint, “déanmhas” nó cuid shonraithe de dhéanmhas, a thugtar san áireamh i dtaifead déanmhas cosanta agus sa chás go luaitear sin sa taifead sin, tugtar san áireamh leis aon déanmhas sonraithe atá ar na tailte i láthair an déanmhais nach dtabharfaí san áireamh faoin sainmhíniú seo murach sin. (Féach roinn 2.2) Chomh fada agus a bhaineann le déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe, tiocfaidh san áireamh leis an téarma déanmhas (i) an taobh istigh den déanmhas (ii) an talamh taobh istigh de chúirtealáiste an déanmhais (iii) déanmhais eile atá taobh istigh den chúirtealáiste agus an taobh istigh de na déanmhais sin, agus (iv) gach feisteas agus gné is cuid den taobh istigh nó den taobh amuigh d’aon déanmhas nó déanmhais dá dtagraítear in (i) agus (iii).

Caibidil 3 – An Plean Forbartha (Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta)

(Ailt 81,82 & 83, An tAcht Pleanála agus Forbartha 2000)

Is féidir a thabhairt de shainmhíniú ar LCA gur limistéar é a mbaineann de chuspóir leis tréithríocht áite, limistéir, chloigín déanmhas nó dhreach baile ann a chaomhnú le beann ar línte agus airde na bhfoirgneamh agus

1. go mbaineann díol spéise nó fiúntais faoi leith leis ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, eolaíochta, cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla de, nó

2. go gcuireann sé leis an tuiscint ar dhéanmhais chosanta.

Limistéir chosanta a shonrú

• Ba chóir go mbeadh ciall ó thaobh cúrsaí fisiciúla agus rialáil phleanála de le teorainneacha an LCA agus is léir nach foláir tagairt do na buntréithe agus línte teorainneacha á leagan amach.

• Ní foláir, agus measúnú á dhéanamh ar LCA, aird ar an tionchar atá ag suíomh chloigíní déanmhas ar thréithríocht an limistéir ar fad.

• Sa chás go bhféadfadh an creatlach láithreach agus críocha úsáide míchuí dul in aghaidh a chéile, tharlódh go ndéanfaí leasú ó thaobh cúrsaí criosúcháin.

• Is sa chás amháin nach mbeadh cur isteach ó oibreacha dá sórt ar thréithríocht an limistéir is féidir obair ar an taobh amuigh de dhéanmhas a bheith ina fhorbairt dhíolmhaithe i LCA.

• Sa chás go mbeadh forbraíocht nua le ceadú i LCA, d’fhéadfaí dearadh comhaimseartha ar ardchaighdeán a chur chun cinn.

Limistéir atá faoi réir ag Rialú Pleanála Speisialta (Alt 84 agus Alt 87, An tAcht Pleanála agus Forbartha 2000)

Ní mór scéim maidir le rialú pleanála speisialta a bheith i scríbhinn agus ag teacht le cuspóirí an phlean forbartha a bhaineann le hábhar chomh maith le haon phlean ceantair áitiúil nó le haon phlean limistéar comhtháite (mar a leagtar síos san Acht um Athnuachan Uirbeach 1998).

• Tugtar de chumhacht don údarás pleanála feidhmiú chun saintréithe limistéar áirithe a chaomhnú, trí athchóiriúchán agus trína éileamh ar úinéirí cloí le scéim phleanála. (Féach roinn 3.5)

• Is i gcathracha agus i mbailte móra amháin a bhíonn Limistéir a thagann faoi réir ag Rialú Pleanála Speisialta.

• Tar éis scéim do rialú pleanála speisialta a chruthú, ní foláir don údarás pleanála fógra a thabhairt i scríbhinn don Aire Comhshaoil, don Bhord Pleanála, don Chomhairle Oidhreachta, don Taisce, don Chomhairle Ealaíon, do Bhord Fáilte agus don Chumann Tráchtála áitiúil. (Alt 85, An tAcht Pleanála agus Forbartha 2000).

Caibidil 4 - Dearbhúchán (Alt 57, An tAcht Pleanála agus Forbartha 2000)

• Úsáidtear an Dearbhú mar dheismireacht fhoirmeálta comhairle d’úinéir agus do shealbhóir dhéanmhais chosanta. Úsáidtear an Dearbhú nuair a thagann ceisteanna chun cinn nach mór soiléiriú orthu i bhfoirm fógra i scríbhinn ón údarás pleanála. Is féidir dearbhú a eisiúint le húinéirí nó le sealbhóirí dhéanmhais chosanta d’fhonn oibreacha shonraithe a cheadú nach gcuirfeadh isteach ar shaintréithe an déanmhais chosanta.

• Tagann aon dearbhú maidir le hionad adhartha faoi réir ag moltaí speisialta (Alt 57 an Achta).

• De réir Alt 13 an Achta Pleanála agus Forbartha, is féidir le haon duine a n-eisítear dearbhú leis faoi alt 57 (3) nó a ndéantar athbhreithniú dó ar dhearbhú faoi alt 57 (7) an dearbhú a chur faoi bhráid an Bhoird d’fhonn athbhreithnithe

• Ní mór an cur faoi bhráid a dhéanamh taobh istigh de ceithre seachtaine ón dáta eisiúna.

*Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ceart alt 57 den Acht Pleanála agus Forbartha a mheascadh leis an Alt a Cúig mar a bhíodh ann roimhe seo.

Caibidil 5 – Ionaid Adhartha Phoiblí (Treoirlínte a eisíodh faoi Alt 52 (2) an Achta Pleanála agus Forbartha i mí na Samhna 2003)

• Tugtar le tuiscint sna treoirlínte go go bhforáiltear sa reachtaíocht go mbeadh aird ag an údarás pleanála do riachtanas na liotúirge nuair a bhíonn Dearbhúchán faoi Alt 57 nó iarratas maidir le hobair fhorbartha ar an taobh istigh á mheas.

• Maidir le dearbhú, d’fhéadfadh tarlú nach mbeadh gá le cead pleanála i gcás roinnt oibreacha mar gheall ar riachtanas na liotúirge. Ní mór an scála agus an tionchar ionchais a d’fhéadfadh a bheith ó oibreacha mar sin a mheas de réir gach cáis faoi leith. Nuair a bhíonn dearbhúchán á eisiúint, ní foláir don údarás pleanála an cheist a chíoradh an bhfuil gá le hathruithe suntasacha i ndáil leis an leasú atá beartaithe. Ní mór ceisteanna maidir hobair bheartaithe lena mbainfeadh gné a thabhairt chun bealaigh, athrú nó scrios ar dhaingneáin nó ar fheisteas den tábhacht a chíoradh go cúramach.

• Tharlódh go gcuireann an aois, an tsainiúlacht agus an cheardaíocht a bhaineann le daingneáin agus feisteas taobh istigh le hiomláine na hailtireachta ar fud an fhoirgnimh.

• Sa chás go mbíonn obair á beartú nach bhfuil riachtanas léi ó thaobh na liotúirge, ba cheart don údarás pleanála aird a bheith aige ar oidhreacht ailtireachta an déanmhais.

• Is tábhachtach an ní iomarcaíocht maidir le hionad adhartha. Ba chóir déileáil go cóir le tograí maidir le hathrú úsáide. Sa chás go ndíoltar déanmhas cosanta, is féidir ceisteanna maidir le daingneáin agus feisteas a thabhairt chun bealaigh a mheas nuair atá tábhacht leo ó thaobh na liotúirge.

Caibidil 6 – Rialúchán Forbartha

• Ba chóir go bhfágfadh iarratas mionsonraithe arna chur faoi bhráid ó thús nó arna leasú agus/nó arna shoiléiriú ina dhiaidh sin trí fhaisnéis a iarrtar a chur faoi bhráid nach gá coinníollacha pleanála go leor a chur ag gabháil le cead. Ina ainneoin sin, ní foláir coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcead nuair atá gá leis sin (roinn 6.7.2)

• Ní cheadaítear scartáil ar dhéanmhais chosanta ach amháin i gcás eisceachta (féach roinn 6.7.3)

• Níor cheart a cheadú go dtabharfaí gnéithe suntasacha ná maiseacha chun bealaigh ach amháin sa chás go bhfuil tugtha le fios maidir leis an bhforbairt go gcoinneofar na gnéithe sin agus gur féidir iad a chur ar ais tráth is faide anonn.

• Is minic gur gá cead a thabhairt síneadh nua oiriúnach a chur le déanmhas cosanta ionas gur féidir úsáid a bhaint as go heacnamúil; sa chás go dtugtar cead pleanála, ba chóir nach dtarlódh de chailliúint mar gheall air maidir leis an gcreatlach ach an chailliúint is lú is féidir.

• Níor chóir iarracht a dhéanamh píosaí nua nó síneadh le déanmhas a cheilt ach ba chóir, ina dhiaidh sin féin, cúram a dhéanamh de go seachnaítear toradh na míbhuntáiste maidir le tréithríocht an déanmhais nó an chúirtealáiste.

• Sa chás go ndearnadh dochar do dhéanmhas mar gheall ar dhóiteán, is den tábhacht go gcoinneofaí sainghnéithe de.

• Is annamh gur leor aghaidh an déanmhais a choinneáil agus sin amháin go mbeadh togra inghlactha; tharlódh cás eisceachta má rinneadh athfhorbairt eile cheana roimh an togra atá beartaithe.

• Sa chás go gceadaítear athfhorbairt a dhéanamh, ba chóir ansin béim a leagan ar airde na n-urlár, méid na seomraí agus ar na fuinneoga. (Roinn 6.8.17 agus Roinn 6.8.18)

• Ní cheadaítear d’údarás pleanála oibreacha a dhéanamh lena sárófaí aidhmeanna an phlean forbartha.

• Tá cineálacha áirithe forbartha ann a dhéanann údaráis an stáit nach dtagann faoi réir an ghnáthphróisis pleanála. Leagtar amach forálacha agus cineálacha comhairliúcháin i bPáirt IX sna rialacháin.

Caibidil 7 – Prionsabail an Chaomhnúcháin

• D’fhéadfaí a rá gur ionann an caomhnúchán agus próiseas trína dtugtar aire d’fhoirgnimh agus d’áiteanna sa chaoi agus go gcaomhnaítear a dtréithríocht agus an t-ábhar sainspéise a bhaineann leo. Má chailltear sin, is imithe a bhíonn. Is féidir dochar a dhéanamh do thréithríocht déanmhais leis an iomarca airde chomh maith leis an neamhaird.

• Ní chiallaíonn déanmhas a lua ar Thaifead na nDéanmhas Cosanta Entry go mbeadh sé siocaithe as sin amach. Is den dea-chaomhnúchán go ligtear don athchló agus don dul in oiriúint a thiocfadh chun cinn le himeacht aimsire (roinn 7.2.2).

• Sa chás go gceadaítear athrú úsáide, ba chóir gach iarracht a dhéanamh aon athrú ar chreatlach an déanmhais agus aon chailliúint shuntasach maidir le creatlach an déanmhais a choinneáil ar a bheagthábhachtaí agus níor chóir go dtiocfadh an t-athrú chun dochair don ábhar sainspéise atá sa chreatlach.

• Níor cheart athchóiriúchán samhaltach ar dhéanmhas cosanta ná ar chuid de dhéanmhas cosanta a cheadú ach amháin nuair atá dóthain fianaise fisiciúil nó fianaise cáipéise ar fáil ar riocht an déanmhais san am atá caite nó sa chás gur gá athchóiriúchán a dhéanamh chun cur leis an tuiscint ar ghnéithe eile a chuireann le tréithríocht an déanmhais.

• D’fhéadfadh oibreacha de leithéid dhoirse nó fhuinneoga nua a chur isteach nó soilse nua a chur leis an díon, líneáil thirim a chur le ballaí agus íoslaigh nó iad a dhíonadh in aghaidh taise, insliú a chur faoin slinnre nó bealaí aeir a chur sa díon nó duchtra a chur isteach do phíopaí cur isteach ar thréithríocht an déanmhais.

• Sa chás gur gá obair dheisiúcháin a dhéanamh maidir le moirtéal, ba chóir gur oibrithe saineolais a dhéanfadh an obair agus go mbeadh sin ag teacht le creatlach an déanmhais agus le cuma an obair chloiche bhunaidh.

• Níor chóir a cheadú go dtarraingeofaí anuas an rindreáil atá ann faoi láthair ar mhaithe le ballaí spallaí nó ballaí brící a nochtadh amháin.

• Chuirfí athrú den suntas ar chuma déanmhais chosanta dá dtabharfaí chun bealaigh gnéithe ailtireachta a bhainfeadh leis na ballaí, mar shampla, balastráid nó brac.

Caibidil 8 – Ballaí agus Gnéithe Foirgníochta eile.

• Tá tábhacht mhór leis an gcóras foirgníochta agus le gnéithe áirithe ar leith de ó thaobh na tréithe sainiúla a bhaineann le foirgneamh stairiúil a thabhairt chun léargais. Bíonn tábhacht le gnéithe den fhoirgníocht maidir le samplaí luatha den úsáid as ábhar faoi leith a shonrú, mar shampla iarann teilgthe nó coincréit.

• Nuair a bhítear ag meas cén tábhacht atá le gnéithe den fhoirgníocht, mar shampla ballaí agus sainghnéithe eile, maidir le tréithríocht dhéanmhais chosanta nó LCA a thabhairt chun léargais, ba cheart tagairt a dhéanamh do na critéir éagsúla a leagtar síos i roinn 8.1.4 sna treoirlínte.

• Is iondúil go mbíonn gá le cumas agus taithí saineolaí a thabhairt i gceist nuair a bhítear ag trácht ar sheasmhacht struchtútha fhoirgneamh a bhfuil tábhacht ó thaobh staire leis. D’fhéadfadh go dtarlódh ísliú nó titim bonnsraithe dá mbeifí le tochailt a dhéanamh nó athghrádánú ar leibhéal na talún in aice le déanmhas cosanta nó taobh istigh de dhéanmhas cosanta.

Caibidil 9 – Díonta

• Ba chóir go gcaomhnófaí foirm agus próifíl an dín ar dhéanmhais chosanta agus níor cheart dá bhrí sin go gcuirfí aon athrú mór orthu.

• Is gnéithe tábhachtacha de dhreach na ndíonta na mionghnéithe ailtireachta agus níor cheart go gceadófaí iad a thabhairt chun bealaigh go háirithe sa chás go bhfuil caoi mhaith orthu nó go bhféadfaí caoi a chur orthu.

• Sa chás gur cuid de shraith tithe ceangailte an déanmhas, bheadh tionchar na míbhuntáiste ag gnéithe den díon a athrú nó a thabhairt chun bealaigh ar thréithríocht na foirgníochta ar fad (i.e. an LCA).

Caibidil 10 – Doirse agus Fuinneoga

• Ba cheart aon togra maidir le hathrú ar dhoras nó fuinneog i ndéanmhas cosanta nó in aon déanmhas i LCA a mheas go cúramach.

• Is den tábhacht é go ndéantar gnéithe de dhoirse agus d’fhuinneoga a chuireann le tréithríocht speisialta dhéanmhais chosanta a shonrú agus a chosaint.

• Níor cheart go gceadófaí fuinneoga nua-aimseartha a chur isteach i ndéanmhas cosanta.

• Níor cheart aon iarracht a dhéanamh caighdeánú a dhéanamh ar fhuinneoga. Ba cheart tomhais agus comhréir na bpátrún gloinithe a mhaireann ón gcéad tógáil a chosaint i gcónaí.

• Níor cheart a cheadú go gcuirfí saiseanna nua nó fuinneoga nua in áit na gcinn atá ann faoi láthair ach amháin nuair atá siad sin ar iarraidh, chomh lofa agus nach féidir iad a dheisiú nó gur cinn mí-oiriúnacha iad a cuireadh isteach le deireanas.

Caibidil 11 – An Taobh Istigh

• Níor cheart Deisiúchán nó Cóiriúchán a dhéanamh ach amháin ar bhealach atá oiriúnach i gcás na gné faoi leith nó an déanmhais faoi leith atá i gceist agus sa chaoi agus gur furasta a chur ar ais mar a bhíodh.

• Ba chóir obair lena dtugtar chun bealaigh réimsí móra obair siúinéireachta d’fhonn éascaíochta a sheachaint. (Féach roinn 11.3.4 agus roinn 11.3.5)

Caibidil 12 – Aghaidheanna Siopaí

• Ní mór teacht ar an gcothrom idir riachtanas tráchtála an úinéara agus an chosaint ar aghaidheanna siopaí a bhfuil tábhacht faoi leith leo i gcomhthéacs na hoidhreachta Ailtireachta.

• Ní mór géarsmaointeoireacht a dhéanamh maidir le haghaidh nua siopa a chur isteach i ndéanmhas cosanta agus níor chóir go mbainfeadh sé ó thréithríocht an chuid eile den fhoirgneamh.

• Ba chóir gnéithe den aghaidh nua siopa ar an scála cuí i gcomhréir leis an gcuid eile den fhoirgneamh.

Caibidil 13 – An Cúirtealáiste agus na tailte a ghabhann i dteannta leis (Alt 51, Rialacháin na bliana 2001)

Ní thugtar aon sainmhíniú ar an téarma cúirtealáiste san acht agus tá roinnt deacrachtaí a tháinig chun cinn dá bharr. Tá tábhacht leis an gciall a bhainfí as mar go luaitear an talamh atá taobh istigh de chúirtealáiste an déanmhais mar chuid den sainmhíniú ar an “déanmhas”. Is féidir sainmhíniú a thabhairt ar na tailte atá teannta leis an déanmhas trí thagairt don talamh atá taobh amuigh de chúirtealáiste an déanmhais.

Pointí a bhfuil suntas leo maidir le hobair an Bhoird

• Tá de chumhacht ag an údarás pleanála gach gné thábhachtach a chosaint ach ní foláir na gnéithe sin a bheith sonraithe san RPS agus fógra a thabhairt don úinéir / sealbhóir.

• D’fhéadfadh tograí lena dtabharfaí gnéithe teorann chun bealaigh nó lena gcuirfí athrú orthu cur isteach ar thréithríocht an déanmhais chosanta agus ar dhreach deartha na talún ina thimpeall.

• Glactar le gáirdíní saindeartha dhéanmhais chosanta mar a bheadh cuid eile den teach ann. Má tharlaíonn ceangal foirmeálta idir déanmhas cosanta agus foirgnimh teagmhasacha, níor cheart go gceadófaí obair nua thógála a d’fhéadfadh cur isteach ar an gceangal sin.

• Ní mór géarsmaoineamh mar gheall ar chead úsáid faoi leith a bhaint as íoslach seachas mar a bhaintear as an bpríomháras óir féadann sin athrú a chur ar thréithríocht iomlán an déanmhais.

• Nuair a bhíonn tírdhreach ainmnithe faoi mheas, is tábhachtach go ndéanfaí sonrú ar na sraitheanna éagsúla oibre lenar fágadh lámh ar an suíomh le himeacht aimsire agus go mbeadh meas d’ionracas iomlán an tsuímh.

• Níor chóir togra lena n-aistreofaí déanmhas cosanta sainghnéithe taobh istigh de chúirtealáiste nó de na tailte a ghabhann i dteannta le déanmhas cosanta a cheadú ach amháin i gcás eisceachta.

Caibidil 14 – Déanmhais chosanta neamháitrithe.

• D’fhéadfadh gur fadhbanna eile a bhainfeadh le déanmhais chosanta do-áitrithe ó thaobh caomhnúcháin seachas le déanmhais eile mar gheall ar an tógáil a tugadh orthu nó an úsáid a bhaintear astu.

• Sa chás go ndéantar iarratas maidir le déanmhas cosanta atá ina fhothrach a leagan nó a bhaint ó chéile, arna bhunú sin ar chúiseanna maidir le míshocracht an déanmhais, ba cheart gur ar an iarratasóir a bheadh de dhualgas a chruthú go bhfuil bonn lena bhfuil á mholadh agus gur tugadh aird mar is ceart ar gach ní a bhaineann le hábhar.

• Bíonn i ndán go gcuirfí athrú ar shaingné déanmhais nuair a bhíonn obair atógála nó athchóiriúcháin ar fhothrach i gceist ach is fearr sin i ngach cás ná scartáil a dhéanamh.

Caibidil 15 – Oibreacha Cumasúcháin agus Oibreacha Sealadacha

• Ba cheart don údarás pleanála nithe a dtarlódh damáiste mar gheall orthu a thabhairt san áireamh nuair a bhíonn coinníollacha á gcur le cead pleanála a d’fhonn aon damáiste a tharlódh do dhéanmhas cosanta mar gheall ar obair thógála a sheachaint nó a choinneáil chomh beag agus is féidir. (Féach 15.3.1)

• Ba cheart don údarás pleanála cinntiú chomh maith go bhfaightear comhairle saineolais ó dhaoine cáilithe d’fhonn cinntiú nach mbíonn contúirt ann do sheasmhacht an déanmhais le linn obair thógála a bheith ar siúl. Sa chás go mbeadh an suíomh cosanta neamhbhuan ó nádúr, d’fhéadfadh go n-éileodh an t-údarás pleanála ar an iarratasóir dearadh ar oibreacha sealadacha a chur faoi bhráid d’fhonn a gceadú sula ndéanfaí aon obair scafall ná frapála.

Caibidil 16 – Damáiste ó thubaiste a chur ina cheart

Pléitear le ceisteanna athchóiriúcháin i gCaibidil 16.

Caibidil 17 – Athruithe d’fhonn Feabhsúchán ó thaobh Sábháilteacht Dóiteáin

• Sa chás gurb í comhairle an oifigigh dóiteáin go mbeadh gá le hoibreacha forleathana nó le hoibreacha nach mbeadh inghlactha, is féidir leis an údarás pleanála a iarraidh go gcuireann an t-iarratasóir anailís faoin mbaol ó dhóiteán faoi bhráid ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar iomlán a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an déanmhas.

• Ba chóir gurb é an tionchar is lú is féidir a bhíonn ag socruithe maidir le sábháilteacht dóiteáin ar ghnéithe tábhachtacha agus ar chreatlach an déanmhais.

• Beidh gá le meon solúbtha nuair a bhítear ag plé le bearta cosanta dóiteáin i gcás foirgneamh stairiúil. Glactar leis sa Cháipéis Treorach Theicniúil (B) maidir le rialacháin tógála go dtarlóidh roinnt athruithe i gcás na bhfoirgneamh atá ann cheana féin.

Caibidil 18 – Feabhsúchán maidir le hÁisiúlachta

• Sa chás nach féidir an cur isteach a sheachaint, ba chóir go laghdófaí an chailliúint agus an t-athrú ar an ábhar stairiúil oiread agus is féidir nuair a cheadaítear tograí. Ba chóir go mbeifí ag féachaint le héirim ailtireachta agus ábhar sainspéise an struchtúir atá faoi chosaint a chaomhnú.

• Is é an réiteach ab fhearr go ndéanfaí feabhsú ó thaobh áisiúlachta lena laghad athraithe agus is féidir ar an mbundéanamh agus go seachnófaí obair a mbeadh tionchar na míbhuntáiste aici ar thréithríocht an struchtúir.

• Is ag an mbealach isteach i bhfoirgneamh is deacra réiteach a fháil d’fhonn freastal do chúrsaí áisiúlachta (go háirithe maidir le daoine i gcathaoireacha rothaí) agus do chúrsaí caomhnúcháin in éineacht. Ba cheart go mbeadh áisiúlacht ag baint leis an bpríomhbhealach isteach ach d’fhéadfadh go mbeadh gá le comhréiteach.

• D’fhéadfadh nach mbeadh rampa áisiúlachta a chur isteach sásúil mar réiteach nuair is foirgneamh nó ACA ar ardcháilíocht ailtireachta atá i gceist agus go m beadh ar an té atá ag iarraidh an cheada réiteach seachas sin a mbeadh tuilleadh den nuáil ag baint leis a fháil.

• D’fhéadfadh gur chuí athrú a dhéanamh maidir le céimeanna (staighre), ráillí iarainn nó plionta, nó cuid díobh a thabhairt chun bealaigh, d’fhonn áis a dhéanamh maidir le hardaitheoir urláir nó rampa do chathaoireacha rothaí.

• D’fhéadfadh go mba ró-fheiceálach mar ghné taobh istigh in áras stairiúil ardaitheoir paisinéirí agus nach mbeadh sé inghlactha.

• Ba chóir dearadh a thabhairt ar ghnéithe nua de leithéid ardaitheora agus rampaí a thiocfadh le tréithríocht agus ábhar an chreatlaigh atá láithreach. Níor chóir cur in aghaidh dearaidh chomhaimseartha.

Caibidil 19 – Cothabháil (féach ailt 19.1 – 19.4)

Last modified: 02/04/2009

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Pleanála: News